Is mise Manuel María,
Saolaíodh mé i 29, ar an 6ú la den Fhómhair,
i Outeiro de Rei de na Terra Chá.
Ó threibh feirmeoirí a shíolraím
dílis dá gcuid talún agus dá n-Dia.
Anois tá mé i ngrá.
Is mise Manuel María,
amhránaí de na Terra Chá mar a deir roinnt.
Amhránaí an talaimh mhín a bhfuil
fuaite ina phutóige, i mo thuairimse.
Is mise Manuel María,
feirmeoir le blás na filíochta.
Go domhain im’shúile cuirim
breacadh an lae i dtaisce
is siúlaim mo bhóthar go socair,
is iarraim ar nithe a gcéanulacht
is iarraim ar fhir an fhírinne.
Níl aon tasc eile agam:
is duilleog bhocht olagónach mé
san óiche duairc a séideadh.
Is mise Manuel María,
guth aonarach, i gcéín agus lag.
(tr. Patrick Loughnane & Colin Ó Murchú)
–
Is scríobhaí agus mórfhile na Gailíse é Manuel María. Onórófar é ar an 17ú don míosa 2016, lá saoire poiblí a dtugtaí Día das Letras Galegas air (“Lá Litríochta na Gailíse”) .

Mar atá luaite sa dán seo, rugadh é i Outeiro de Rei (i gcúige Lugo) i 1929. Fuair sé bás i gcathair na Cruinne (A Coruña) i 2004.
Scríobh sé ficsean agus drámaí, ach is mó aithne atá mar fhile. Tá a chuid filíochta luachmhar i stair litríocht na Gailíse chomh maith. Ba é an chéad fhile a fhoilsigh cnuasach filíochta sa teanga tar éis Cogadh Cathartha na Spáinne. Tugadh an teideal Muiñeiro de brétemas (“Muilleoir de Ceo”) air, foilsíodh é i 1950 nuair nar raibh sé ach naoi mbliana déag d’aois. Is téamaí lárnach ina shaothar an eiseachas agus an suim a leiríonn sé i gcursaí polaitíochta.
Bhí spéis aige leis i gceisteanna faoi náisiúnachas, féiniúlacht agus cultúr na Gailíse. Ba fear macánta é mar eol is dúinn de reir an cur síos a dheán se air féin sé sa dán, “feirmeoir le blás na filíochta” agus “guth aonarach, i gcéín agus lag” é. Nuair is eol dúinn gur fear cumasach i gceird na filíochta ab é.

Is léir on bhfriotal a bhaintear úsáid as nar shamhlaigh sé é féin ach mar “duilleog bhocht” i ngaoth na teanga. Is léir chomh maith go raibh an-mheas ag an bhfile ar phobal na Gailíse, go háirithe iad siúd ó Terra Chá.
Cé gur file é go bhfuil fíos a cheird aige, bhain sé úsáid as an tsaormheadaracht sa dán. Sa tslí sin is mó cosúlacht atá ag an ndán le cómhra. Úsáideann sé focail agus nathanna a bhfuil simplí éifeachtach chun an teachaireacht a chur in iúl.

Mar fhile a sheas ar son a mhionteanga féin, is cinnte go mbeadh sé buíoch an “guth aonarach, i gcéín agus lag” a chloisteáil i nGaeilge.
Do Manuel María agus litríocht na Gailíse!
[Mo bhuíochas le Colin Ó Murchú]